Is ealaíontóir trialach mé a bhíonns ag casadh uirlisí, ag cumadh ceoil agus ag déanamh ealaíne ilmheán. Faoi láthair, tá an-suim agam i nGaeilge agus an léargas an thugann sí don tírdhréach agus don timpeallacht in Éirinn.
‘Siad an pianó agus an dordveidhil mo phríomhuirlisí agus sheinninn i m’aonair agus le grúpaí éagsúla ina measc RóisGemma DunleavySeán BeingHenry Earnest agus Trinity Orchestra
Bím ag cumadh ceoil go háirid d’aonréid agus ensembles beaga agus is minic go mbíonn ceol leictreonach agus amharcíomhánna beo ann. Cuireadh mo shaothar i láthair ag a leithéid de MAZE EnsembleCrash EnsembleMichelle PritchardMalachy Robinson agus Kirkos Ensemble.
Is páirt nach beag iad códú cruthaitheach agus ilmheáin i mo chleachtas ealaíne. Tá saothar amhairc agus fuaime beo déanta agam do shuiteáin agus do thaispeántais mar a chonacthas agus chualathas ag Gaudeamus Festival (NL)Paikka (HU) agus ag taibhléirithe aonréid agus ensemble.
Is i gColáiste na Tríonóide, BÁC a bhain mé bunchéim amach i mata agus ceol (2019) an áit a bronnadh Gerard Victory Composition Prize agus Geoffrey Singleton Prize (tionscadal na bliana deireanaí is fearr) orm. Ag the Royal Conservatoire, An Háig bhain mé céim máistir amach i gcumadóireacht (2022) faoi stiúir Yannis Kyriakides agus Guus Janssen.  'Sé Ecological Awareness in Multimedia Composition teideal mo pháipéir a foilsíodh ar Research Catalogue (SW).
CLICK TO ENTER